Údarás na Gaeltachta
Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo, le cois í a thabhairt mar oidhreacht don chéad ghlúin eile, bunchuspóir Údarás na Gaeltachta. Déanann an tÚdarás gach iarracht an cuspóir seo a bhaint amach trí fhorbairt fiontraíochta agus tionscnaimh chruthaithe fostaíochta a chothú agus a mhaoiniú, chomh maith le tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí pobail, cultúrtha agus teangabhunaithe. Bunaíodh Údarás na Gaeltachta sa bhliain 1980. Tá an ghníomhaireacht Stáit seo freagrach as forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta.
The overall objective of Údarás na Gaeltachta is to ensure that Irish remains the main communal language of the Gaeltacht and is passed on to future generations. The Údarás endeavours to achieve that objective by funding and fostering a wide range of enterprise development and job creation initiatives and by supporting strategic language, cultural and community-based activities. Established in 1980, Údarás na Gaeltachta is the regional authority responsible for the economic, social and cultural development of the Gaeltacht.
